Na billiúin sa bhreis ag an Rialtas sa Bhuiséad i mbliana

Tá na billiúin euro breise le caitheamh ag an Rialtas sa Bhuiséad i mbliana, de réir tuairisc san Irish Daily Mail Dé hAoine.

Táthar ag súil le ‘méadú mór’ ar cháin chorparáide (corporation tax) i mí Lúnasa, seachtainí roimh an mBuiséad, agus beidh €1 billiún breise in íocaíochtaí Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasa (Pay Related Social Insurance, PRSI) freisin.

Tagann an t-airgead sin sa bhreis ar an mbarrachas (surplus) €10billiún a bhfuiltear ag súil leis do 2023.

D’fhéadfadh sé seo deis a thabhairt don Rialtas airgead a chaitheamh in áiteanna atá géarghá leis.

GettyImages 1307216641

Roimhe seo, thug Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann (Irish Fiscal Advisory Council, IFAC) agus an Banc Ceannais (Central Bank) comhairle don Rialtas gan an iomarca a chaitheamh sa Bhuiséad. Tá eagla orthu go mbeidh sé ina chúis le méadú ar bhoilsciú (inflation).

Agus thug na hAirí foláireamh nach bhféadfadh siad gach éileamh ar chaiteachas (spending demand) a shásamh.

Sin mar a bhí sé, áfach, roimh an tuarascáil ón IFAC, a eisíodh an tseachtain seo, a léirigh dhá réimse nár chuir an Roinn Airgeadais san áireamh i réamh-mheastacháin an Bhuiséid.

Agus d’fhéadfadh an t-airgead a thagann isteach sa dá réimse sin na billiúin euro breise a sholáthar don Aire Airgeadais Michael McGrath, díreach seachtainí roimh Bhuiséad 2024.

Dúradh i dtuarascáil IFAC – Nuashonrú an Chláir Cobhsaíochta (Stability Programme Update): ‘Ar an meán, bhí teacht isteach míosúla ó PRSI 8% chun tosaigh ar an réamhaisnéis (forecast) go dtí seo i mbliana.

‘Dá mbeadh sé sin ach 5% chun tosaigh ar an réamhaisnéis do na míonna atá fágtha den bhliain, d’fhéadfadh ioncam PRIS a bheith beagnach €1 billiún níos airde ná mar atá tuartha faoi láthair.’

Ina theannta sin, tá sé ráite ag an IFAC gur dócha go mbeidh ‘méadú mór’ ar teacht isteach chánach corparáide i mí Lúnasa, seachtainí roimh an mbuiséad, nach bhfuil cuntas teicniúil tugtha air.

Dúradh sa tuarascáil go mbeidh an méid airgid a gheobhaidh an tír ó cháin chorparáide i bhfad níos airde ná mar a bhí súil ag an Roinn Airgeadais.

Dhearbhaigh foinse gur dócha go dtiocfadh na billiúin d’ioncam breise neamhphleanáilte ó cháin chorparáide i mí Lúnasa.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram