D’fhill Susan Boyle ar Britain’s Got Talent tar éis stróc

Bhí filleadh Susan Boyle ar stáitse Britain’s Got Talent an tseachtain seo i bhfad níos suntasaí ná mar a thuig daoine.

Thug an réalta le fios don chéad uair gur fhulaing sí stróc anuraidh.

Chaill an t-amhránaí a cumas cainte agus amhránaíochta agus fágadh í freisin le laige matáin (muscular) suntasach síos taobh amháin, agus aghaidh tite.

Bhí ar an amhránaí, atá 62 bliain d’aois, foghlaim conas labhairt go soiléir arís agus oiliúint dhian gutha a bheith aici le go mbeadh sí in ann canadh arís.

Sheinn an t-amhránaí Albanach I Dreamed A Dream – an t-amhrán a bhí ina píosa trialach in 2009 – in éineacht le foireann Les Miserables ar an West End ar chlár ITV.

Susan Boyle1
Susan Boyle

D’fhiafraigh an láithreoir Declan Donnelly di: ‘Conas a mhothaíonn tú bheith ar ais ar Britain’s Got Talent?’

Dúirt Ms Boyle: ‘Mothaíonn sé go hiontach! Tá sé an-speisialta domsa i ndáiríre mar d’fhulaing mé stróc beag mí Aibreáin seo caite agus shíl mé go mbeadh sé craiceáilte a bheith ar ais ar an stáitse. Agus tá sé déanta agam!’

Tá sé ráite ag foinsí anois go raibh an chuma uirthi go raibh an tsláinte foirfe aici an oíche roimh an stróc.

Dúirt a cúntóir ‘oíche mhaith’ léi mar is gnách ag an sean-teach a raibh cónaí uirthi i gcónaí.

Dúirt an fhoinse, áfach: ‘Tháinig an cúntóir anonn chun í a fheiceáil an mhaidin dár gcionn… ach chomh luath agus a chonaic sí Susan thuig sí go raibh orthu dul díreach chuig an ospidéal.

‘Bhí sí in ann siúl ach bhí aghaidh tite uirthi agus a caint á cogaint (slurring) aici. Bhí cumas cainte aici ach ba dheacair a oibriú amach cad a bhí á rá aici.’

Bhí faitíos ann go gciallódh an stróc nach mbeadh Ms Boyle, a bhfuil thart ar 25 milliún albam díolta aici le linn a gairm bheatha, ag casadh arís.

Dúirt an fhoinse: ‘Ní raibh uaithi riamh ach canadh agus bhí sí cinnte ag an bpointe sin go raibh deireadh lena gairm.

  ‘D’oibrigh sí an-dian chun an pointe a bhaint amach ina bhféadfadh sí feidhmiú.’

Mar sin féin, toisc gur fhulaing sí stróc tá sí i mbaol an dara ceann a fhulaingt, rud a chiallaíonn go gcaithfidh a foireann bainistíochta a bheith cúramach gan an iomarca a thabhairt di le déanamh.

Táthar ag súil go ndéanfaidh sí turas ceolchoirme – bhí an ceann deireanach aici i mí an Mhárta 2020 – cé gur dócha nach dtarlóidh sé go dtí 2024 ar a laghad.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram