Mike Pence chun seasamh i gcoinne Trump le bheith ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe

Tá an páipéarachas curtha isteach ag Mike Pence ag dearbhú a iarrthóireachta d’uachtaránacht na Stát Aontaithe.

Bhí an t-iar-leas-uachtarán ina thacadóir agus ina chosantóir daingean ag Donald Trump tráth, ach scoilt sé lena iar-cheannasaí tar éis ionsaí 6 Eanáir ar an Capitol i Washington.

Ní raibh mórán tacaíochta ag an Uasal Pence i ngach suirbhé poiblí a rinneadh go dtí seo. Bhí sé i bhfad taobh thiar den Uasal Trump, atá tar éis an Páirtí Poblachtánach a athrú le seacht mbliana anuas.

pence trumpt 1
Donald Trump agus Mike Pence

Táthar ag súil go bhfógróidh an t-iar-leas-uachtarán a fheachtas go foirmiúil ag cruinniú i Des Moines Dé Céadaoin, lá tar éis don iar-Ghobharnóir Chris Christie dul isteach sa rás agus an lá céanna a mbeidh Govorner Doug Burgum de North Dakota le fógairt freisin go bhfuil sé ag seasamh don uachtaránacht.

Tá sé beartaithe ag an Uasal Pence dul i mbun feachtais go forleathan in Iowa, an chéad stát ainmniúcháin agus áit a bhféadfadh a sheasamh coimeádach ar cheisteanna mar ghinmhilleadh é a mhealladh chuig vótálaithe soiscéalacha (evangelical).

Feiceann comhairleoirí don Uasal Pence, iar-ghobharnóir Indiana, go bhfuil Iowa fáilteach do bhranda an choimeádachais a chleacht sé roimh ré Trump.

Bhí an tUasal Pence ina thacadóir agus ina chosantóir láidir don Uasal Trump sa dara leath den fheachtas uachtaránachta in 2016.

Bhí sé ar an abhcóide is dílsí don Uasal Trump le linn a gcuid ama in oifig le chéile.

Ach chuir an tUasal Trump tús le feachtas brú ar an Uasal Pence chun bua Joe Biden a chosc ó bheith deimhnithe tar éis don Uasal Trump toghchán 2020 a chailleadh.

Dhiúltaigh Pence a ról searmanais a úsáid ar an 6 Eanáir, 2021, chun aidhmeanna an Uasail Trump a chur chun cinn.

An lá sin, d’ionsaigh slua a bhí ar son Trump an Capitol, agus bhí cuid de lucht tacaíochta an Uasail Trump ag canadh, ‘Hang Mike Pence!’ Ó shin i leith, tá scoilt mhór idir an bheirt.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram