Freagra Evan Ferguson, nuair a fiafraíodh de arbh fhearr leis imirt do Shasana nó d’Éirinn

26/05/2023

Tá a chuid scileanna peile cruthaithe ag Evan Ferguson do Brighton agus d’Éirinn.

Agus is comhartha cinnte é, cé chomh maith agus atá sé go bhfuil na Sasanaigh ag rá gur Sasanach é an buachaill as Baile an Bhiataigh (Bettystown).

Mar gheall ar thaobh a mháthar den teaghlach, d’fhéadfadh an laoch peile as Co. na Mí imirt do Shasana … más mian leis.

De réir athruithe rialacha le déanaí ag FIFA is féidir le imreoir aistriú ó náisiúin amháin go náisiúin eile, mura bhfuil níos mó ná trí chluiche iomaíocha (competitive) imeartha acu ag an leibhéal sinsearach sula shroicheann siad 21 bliain d’aois.

ev ferg 2
Evan Ferguson

Dá n-imreoidh Ferguson in aghaidh na Gréige chomh maith le Giobráltar i gcluichí cáilithe Euro 2024 an mhí seo chugainn, beidh air imirt ar son an tír seo don chuid eile dá shaol.

Ach níl sé sin ró-thábhachtach don laoch óg.

SCÉAL EILE: Súil le líon mór daoine nuair a imreoidh mná na hÉireann san Aviva

I gcomhrá le Melissa Reddy ó Sky Sports News, dhiúltaigh an réalta déagóirí don smaoineamh go n-imreodh sé do Shasana go deo.

‘Is léir seo, is Sasanach í mo Mham, mar sin is dócha gur sin an fáth go tagann an cheist seo isteach’, a dúirt sé.

‘Tá cúpla téacs feicthe agam ag rá “Ó, b’fhéidir go ndéanfaidh sé é? Nó, b’fhéidir nach ndéanfaidh sé é?” Is féidir liom a rá leat anois: No.’

SCÉAL EILE: Tús le teannas ar an iománaíocht… i stiúideo RTÉ idir Cantwell agus Cusack

Nuair a fiafraíodh de an gceadódh a athair Barry – imreoir iontach é féin, i Sraith na hÉireann nuair a bhí sé níos óige – dó imirt do Shasana, dúirt Ferguson, ag magadh: ‘Ní ligfí ar ais abhaile mé.’

Mar sin féin, chabhraigh sé do Ferguson go bhfuil a mháthair as Sasana, mar gheall ar na srianta ait a tháinig isteach le Brexit.

SCÉAL EILE: Post mór ag Leo do laoch na Dubs Jim Gavin

Cheadaigh an nasc le Sasana dó bogadh go Brighton ag aois a 16 in ainneoin rialacha nua iar-Brexit a chuireann cosc ar imreoirí na hÉireann bogadh go dtí an Bhreatain go dtí go mbeidh siad 18.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram