Cúig chlub ag bagairt an dlí a chur in aghaidh Everton do €345 million

Tá cúig chlub ag bagairt an dlí a chur in aghaidh Everton le haghaidh €345 milliún má sheachnaíonn siad ísliú céime (relegation).

Tá bainisteoir Everton Sean Dyce ag streachailt leis an gclub a choinneáil sa Premier League an séasúr seo, gan ach trí chluiche le dul go dtí lá an chinnidh an 28 Bealtaine.

Ach is cosúil anois má mhairfidh siad go bhféadfadh go mbeadh orthu cúiteamh ollmhór a íoc agus go bhféadfaí iad a chuir síos fós má bhaintear pointí astu.

Sean Dyche 768x448 1
Sean Dyche

Tá an Irish Daily Mail ag tuairisciú go bhfuil Southampton, Leicester, Leeds, Nottingham Forest agus Burnley tar éis a chur in iúl don Premier League go gcreideann siad go bhfuil siad i dteideal cúitimh (compensation) ó Everton má fhaightear an club ciontach as rialacha caiteachais (spending rules) a shárú.

Tá Everton os comhair éisteacht smachtaithe (disciplinary hearing) faoi seo agus tuigtear freisin go bhfuil iarratas déanta ag na clubanna an éisteacht a reáchtáil go tapa, ionas go bhféadfaí aon smachtbhannaí (sanctions), lena n-áirítear asbhaint pointí féideartha (possible points deduction), a ghlacadh an séasúr seo.

D’fhéadfadh go gciallódh sé sin go gcaillfeadh Everton pointí agus go ndéanfaí ísliú céime orthu in áit cheann de na clubanna eile.

Dhiúltaigh an coimisiún a cheap an Premier League chun an cás a éisteacht leis an iarratas sin. Mar sin féin, anois tá na clubanna tar éis páipéir dlí a sheoladh ar an iarratas céanna.

Éistfí leis an cest faoi chúiteamh roimh aon coimisiún neamhspleách eile dá bhfaighfí Everton ciontach as rialacha caiteachais a bhriseadh, rud a cúisíodh i mí an Mhárta.

Cé go bhfuil cúig chlub tar éis an cás a ghlacadh, is iad an dá chlub a mbeidh caite amach as an Premier League, chomh maith le Southampton, má mhaireann Everton, a bheidh ag éileamh an €345 milliún. Féadfaidh Burnley éileamh ar leith a thabhairt freisin mar gheall ar a míshásta faoi na rudaí a thárla an séasúr seo caite.

Tuigtear gur meastachán é an t-éileamh ar €115 milliún in aghaidh an chlub ar an gcailliúint ar ioncam ón Premier League de bharr ísliíú céime.

Tá Southampton thíos cheana féin, agus Leeds agus Leicester sa ‘relegation zone’ le dhá chluiche fágtha.

Tá Everton pointe amháin os cionn na dtrí ar bun agus Forest dhá phointe eile chun tosaigh.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram