Rory Gallagher ag éirí as mar bhainisteoir Dhoire i measc líomhaintí faoi ‘domestic abuse’

Tá Rory Gallagher tar éis éirí as mar bhainisteoir peile sinsir Dhoire i ndiaidh líomhaintí faoi drochíde baile (domestic abuse) ag a bhean chéile.

Dheimhnigh Bord Chontae Dhoire de chuid an CLG go bhfuil sé ag éirí as, oíche Dé Máirt, tar éis beagnach seachtain de chonspóid.

I bpostáil ar na meáin shóisialta an tseachtain seo caite, mhaígh Nicola Gallagher gur fhulaing sí foréigean baile thar thréimhse blianta le linn a bpósta.

D’éirigh an tUasal Gallagher siar óna ról Dé hAoine seo caite.

nicola gallagher2 1
Nicola Gallagher

D’iarr an SDLP ar an Uasal Gallagher dul i leataobh tar éis líomhaintí tromchúiseacha óna iar-bhean chéile.

Dé hAoine seo caite, bhí sé ráite ag ball Tionóil Stormont an SDLP do Dhoire Thoir Cara Hunter gur ghá aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí ina choinne.

Bhí ráiteas eisithe ag an Uasal Gallagher níos luaithe trína aturnae ag rá go raibh sé ‘curtha ar an eolas faoi phost meáin shóisialta ag mo bhean chéile scartha (estranged) ina bhfuil roinnt líomhaintí an-tromchúiseacha déanta aici i mo choinne’.

Dúirt sé: ‘Tá líomhaintí i mo choinne imscrúdaithe agus déileáladh leo ag na húdaráis ábhartha’.

rory gallagher
Rory Gallagher

Dheimhnigh an PSNI go ndearna siad imscrúdú ar roinnt teagmhais tuairiscithe agus cuireadh comhaid faoi bhráid Sheirbhís Ionchúiseamh Poiblí Thuaisceart Éireann (Northern Ireland’s Public Prosecution Service).

I ráiteas Déardaoin seo caite, dúirt an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí go raibh dhá chomhad (files) imscrúdaithe faighte acu ón PSNI i mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2022 agus go ndearnadh cinneadh gan ionchúiseamh (prosecution) a dhéanamh.

Dúirt siad gur chinn ionchúisitheoirí nach raibh ‘fianaise leordhóthanach ann chun ionchas réasúnach ciontú (reasonable prospect of conviction) a sholáthar’.

Glacfaidh an t-iarbhainisteoir Dhoire Ciaran Meenagh an ról don chuid eile de shéasúr 2023.

Dúirt CLG Dhoire nach mbeidh aon trácht eile á dhéanamh acu faoi láthair.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram