D’fhéadfadh deireadh na póite (hangover) a bheith linn go luath mar gheall ar piolla nua a chuidíonn le do chorp déileáil le halcól níos tapúla.
Chruthaigh eolaithe sa tSín ‘probiotic’ comhdhéanta d’enzyme a laghdóidh tionchar an óil déanach san oíche.
Ba í an Chinese Academy of Science’s Institute of Zoology a rinne an fionnachtain (discovery). D’úsáid siad an enzyme ADH1B chun an piolla a fhorbairt, a bhriseann sias alcól sa chorp níos tapúla.
Bhí lucha (mice), a tugadh an enzyme dóibh in ann deileáil le alcól ar feadh tamaill níos faide.
Ghiorraigh an piolla go mór freisin am téarnaimh na n-ainmhithe tar éis alcól a fháil.
D’fhéadfadh galar croí agus cioróis a bheith mar thoradh ar iomarca alcóil.
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
An bhfuil an teach ‘fully insured’ tar éis
ardú ar chostais tógála?
Cé go mbeadh sé níos fearr a bheith ag ól níos lú, dúirt an fhoireann go bhféadfadh cóireálacha (treatment) le haghaidh galar ae (liver) agus galar ‘intestinal’, a bheith mar thoradh ar an taighde.
In Éirinn, meastar go bhfuil os cionn 1,500 bás in aghaidh na bliana inchurtha i leith alcóil, rud a chiallaíonn go bhfuil sé freagrach as beagnach 5% de na básanna go léir.
Meastar gurb é an costas sochaíoch a bhaineann le húsáid alcóil in Éirinn ná €3.7 billiún in aghaidh na bliana, agus meastar go bhfuil costais bhliantúla cúram sláinte suas le €1.5 billiún.
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO
Béile scoile te do gach dalta bunscoile:
Gealltanas ón Aire
Deir an staidéar, a foilsíodh san iris Microbiology Spectrum, go bhfuil an enzyme ADH1B, a fhaightear go príomha i ndaonraí na hÁise Thoir agus na Polainéise, 100 uair níos gníomhaí ná leaganacha eile.
Bhain an Dr Meng Dong agus a comhghleacaithe úsáid as clónáil mhóilíneach (molecular cloning) chun an ghéin do ADH1B daonna a thabhairt isteach.
Rinne siad tástáil air ar thrí ghrúpa de chúig lucha, gach ceann acu faoi leibhéil éagsúla alcóil.
D’éirigh lucha gan an probiotic ar meisce laistigh de 20 nóiméad, agus nuair a cuireadh ar a ndroim iad ní raibh siad in ann iad féin a iompú.
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Tástáil fola le fáil amach an mbeidh
diaibéiteas ort i gceann deich mbliana
Ach sa ghrúpa a fuair an probiotic, bhí leath na lucha fós in ann iad féin a iompú thar uair an chloig tar éis alcól a fháil, agus níor chaill an ceathrú cuid acu a gcumas iad féin a iompú.
Ina theannta sin, léirigh lucha cóireáilte leibhéil níos ísle damáiste ina n-ae.
Cé nach bhfuil tástáil déanta ar an probiotic ar dhaoine fós, táthar ag súil go bhféadfadh sé damáiste ae a laghdú i measc na n-óltóirí a bhfuil fadhb leo.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.