Beidh muid ar fad ‘cashless’ laistigh de chúig bliana

D’fhéadfadh Éire a bheith ina sochaí gan airgead tirim (cashless) laistigh de chúig bliana, dar le saineolaithe.

Agus dúirt saineolaí amháin, i gceann 50 bliain, go mbeidh ‘chip’ inár n-ordóga agus beimid in ann gach rud a dhéanamh leis sin.

Tagann na tuairimí is déanaí tar éis d’íocaíochtaí gan tadhall (contactless) ardú beagnach aon trian i mbliain.

Fuarthas amach i staidéar a rinne Cónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí Éireann (Banking and Payments Federation Ireland, BPFI)  go ndearnadh beagnach €18 billiún in íocaíochtaí gan tadhall anuraidh.

Ba é sin an leibhéal ab airde a taifeadadh ó 2016 agus ba mhéadú beagnach 32% é ar 2021.

Sna trí mhí deiridh den bhliain seo caite, bhí trí mhilliún íocaíocht gan tadhall in aghaidh an lae arbh fhiú €53 milliún iad, arb ionann é agus €18 ar an meán in aghaidh an idirbhirt (transaction).

revolut 768x448 1
Pic: Thiago Prudencio/SOPA Images/LightRocket via Getty Images

Is é seo an caiteachas laethúil gan tadhall is airde ó thosaigh an BPFI ag bailiú figiúirí in 2016.

Dúirt John Lowe ó moneydoctors.ie go leanfaidh an bealach a n-íocaimid as rudaí ag athrú ach go bhfuil sé ag súil go mbeidh airgead tirim beagnach imithe I gceann cúig bliana.

Dúirt an saineolaí airgeadais: ‘Tá muid ag éirí mar shochaí gan airgead tirim. Bhí mé thall i Londain coicís ó shin ag cluiche idir Tottenham vs Nottingham Forest. Thug mé steirling liom ach ní raibh mé in ann é a úsáid i ndáiríre.

‘Ní raibh mé in ann é a úsáid sa pháirc peile ar chor ar bith. Bhain mé úsáid as mo ghuthán chun íoc as rudaí an chuid is mó den am.

‘Tá sé ag éirí níos soiléire go mbeidh muid mar sochaí gan airgead tirim taobh istigh de chúig bliana.’

Tá athruithe ag tarlú timpeall orainn cheana féin, a dúirt an tUasal Lowe, ag cur in iúl go bhfuil Revolut ag tosú anois ag tairiscint árachas gluaisteáin agus iasachtaí.

Dúirt sé nach gá do na comhlachtaí seo oifig fisiciúla a oscailt ná an oiread foirne a fhostú.

‘Tá siad ag iarraidh ar chustaiméirí a dtáirge a úsáid ar líne amháin mar go sábhálann sé airgead dóibh.’

Bíonn drogall ar roinnt daoine dul gan airgead tirim, daoine a bhfuil amhras orthu faoi shlándáil na baincéireachta ar líne, is daoine scothaosta, agus iad siúd nach bhfuil ‘savvy’ faoi teicneolaíochta.

‘Beidh sé dian daoine áirithe cinnte, go háirithe slite beatha a bhraitheann ar ghnólacht airgid thirim.

‘Ach féach ar an todhchaí. Taobh istigh de 50 bliain, beidh sliseanna i do ordóg agus beidh tú in ann gach rud a dhéanamh leis sin.

‘Siúlfaidh tú isteach i siopa agus beidh a fhios ag an tslis i do lámh go bhfuil tú imithe as pónairí sula dtuigfidh tú féin é sin fiú.’

Mar sin féin, dúirt sé go ginearálta go bhfuil na glúine níos sine i bhfad níos tuisceana ar an teicneolaíocht na laethanta seo.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram