‘Prison sentence’ do réalta iomána Pat Ryan a bhuaigh Craobh na hÉireann trí huaire

30/03/2023

Ciontaíodh iománaí a bhuaigh Craobh na hÉireann, Pat Ryan, as mionnú éithigh (perjury) i gCúirt Dúiche Luimnigh.

Is buaiteoir trí huaire Chraobh na hÉireann é Ryan san iománaíocht sinsear le Luimneach ach fágadh ón bpainéal níos luaithe i mbliana é.

Chuir an Breitheamh Patricia Harney dhá sheachtain sa phríosún air. Mar sin féin, rinne an t-imreoir achomharc i gcoinne na pianbhreithe a gearradh air Dé Máirt, tar éis dó pléadáil ciontach.

Dúirt an Breitheamh Harney gur inis Ryan, as an Dún, Co. Luimnigh, ‘bréag gan cás gan náire’ (brazen lie) nuair a thug sé fianaise os comhair na cúirte an 21 Deireadh Fómhair, 2020.

Ryan hurler 1
Pat Ryan

Dúirt sé nach bhfuair sé fógra pionóis muirear seasta (fixed-charge) tar éis do Gharda a líomhain gur sháraigh sé an luasteorainn in 2018.

Chuala an Breitheamh Harney, tar éis do Ryan a rá le héisteacht 2020 nach raibh an fógra faighte aige, go fuair gardaí amach níos déanaí gur sheol sé íomhá den fhógra luais óna ghuthán póca chuig ‘tríú páirtí’.

Dúirt an Garda Darren John Swan, ó Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Imscrúdú Coiriúil (Garda National Bureau of Criminal Investigation , GNBCI), leis an gcúirt gur ghabh sé Ryan ag 9.26am ag Stáisiún na nGardaí i gCloch an Mhéara (Mayorstone), Luimneach.

Dúirt an garda Swan nár thug Ryan freagra nuair a cúisíodh é ag 9.44am.

Dúirt sé gur gabhadh Ryan ar an 10 Márta, 2021, ar amhras go ndearna sé mionnú éithigh le linn éisteacht cúirte 2020.

Dúirt an garda go raibh ciontú amháin ag Ryan roimhe seo, an 27 Meitheamh, 2022, as ‘guthán póca a bheith aige agus é ag tiomáint’.

ryan hurler Pat Ryan 2

Dúirt an Breitheamh Harney: ‘Is ábhar tromchúiseach é seo, níl sé ag éirí as.’

Dúirt aturnae cosanta Ryan, Con Barry, gur ‘chuir Ryan a lámha in airde’ agus gur ‘chomhoibrigh go hiomlán’ leis an GNBCI. D’fhreagair an Breitheamh Harney, ‘Is é an rud is lú a d’fhéadfadh sé a dhéanamh.’

Dúirt an breitheamh: ‘Bhí sé gafa; bhí sé ag súil nach mbeadh sé gafa, agus anois tá sé i dtrioblóid mhór, tá pianbhreith príosúin air.’

Ghearr sí pianbhreith príosúin coicíse air agus rinne an tUasal Barry achomharc in aghaidh na pianbhreithe.

D’athchuir an Breitheamh Harney Ryan ar bhannaí (bail), ar a bhanna féin de €100, nár ghá a thaisceadh.

‘Má bhíonn dearcadh difriúil ag cúirt eile, bíodh sin amhlaidh, ach tá sé i bhfad ró-thromchúiseach,’ a dúirt an Breitheamh Harney.

Níor tugadh aon dáta dá achomharc.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram