Patrún ‘rape’ agus ionsaí gnéis in Arm na hÉireann, a deir tuarascáil nua

Tuairiscíodh in athbhreithniú nua, ‘patrún éignithe (rape) agus ionsaí gnéis’ in Arm na hÉireann, agus gur ‘ar éigean a chuirtear suas le mná’ ann.

Nocht an tuarascáil liosta d’iompar coiriúil agus claonta a d’fhulaing mná san Arm le breis agus ceithre scór bliain.

Tá sé ráite ag an Tánaiste agus an tAire Cosanta Micheál Martin gur fhág an tuarascáil é le ‘déistín’ (disgust).

Dúirt an t-athbhreithniú, a rinne painéal neamhspleách saineolaithe, ‘gur ar éigean a ghlacann Óglaigh na hÉireann le mná i gceart agus, ar an taobh is measa, go ndéanann siad mí-úsáid ó bhéal, go fisiciúil, go gnéasach agus go síceolaíoch ar mhná ina gcéimeanna (ranks)’.

irish army women of honour
Women of Honour: Diane Byrne, Karina Molloy agus Yvonne O’ ‘Rourke Pic: Gareth Chaney/Collins

Dúradh gur oifigigh ar ard-rangú (high-ranking officers) iad na príomhdhéantóirí (main perpetrators), a raibh a n-iompraíocht ‘a raibh ann le blianta fada’, fós ann agus nach dtugtar aghaidh air mar gheall ar cultúr eagla.

Tuairiscíodh líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéasach ar dhaoine fásta agus leanaí agus ‘cultúr misogyny’.

Tá cuir síos ar ‘patrún éignithe agus ionsaí gnéis’ a tharla i mbeairicí an Airm, i hallaí bia, i limistéir snámha, i gcithfholcadáin (showers) agus ar thurais thar lear.

Dúradh gur comhairlíodh do mná san Airm ‘dhá ghlas a choinneáil ar dhoirse a gcábán nó a seomra leapa’ má rinneadh iarracht ionsaí a dhéanamh orthu nó dul isteach go héigeantach ina gceathrúna.

Tuairiscíodh freisin teagmhais rialta ina raibh deochanna á sileadh le drugaí éagsúla, chomh maith le ‘iompraíocht chreiche (predatory behaviour) a dhíríonn ar mhná i gcásanna ina bhfuil alcól i láthair’.

Diane Byrne 1168x681 1
Diane Byrne

D’ardaigh go leor mná imní faoi íomhánna pearsanta á dtógáil dóibh go rúnda, lena n-áirítear ceamaraí ceilte i cithfholcadáin agus seomraí folctha.

Dheimhnigh an tUasal Martin go mbunóidh an Stát fiosrúchán reachtúil roimh dheireadh na bliana.

Chuir Diane Byrne, urlabhraí don ghrúpa Women of Honour, a chuidigh le nochtadh na mífheidhme i gcroílár Óglaigh na hÉireann, fáilte aireach roimh an tuarascáil.

Dúirt sí, áfach, nach raibh ann ach ‘an chéad chéim’ i bpróiseas níos faide.

Cé go ndúirt an tAire Cosanta gur cheart do mhná ar bith a bhí faoi ionsaí gnéis dul chuig na gardaí anois lena líomhaintí, dúirt Ms Byrne nach raibh sí cinnte an mothaíonn mná sábháilte a ndóthain ar eagla go gcuirfí deireadh lena ngairmeacha beatha.

Thuairiscigh thart ar 88% de na freagróirí baineanna a ndearnadh suirbhé orthu don athbhreithniú go raibh cineál amháin nó níos mó de chiapadh gnéasach (sexual harassment) orthu, agus thuairiscigh 46% eile go raibh ionsaí gnéasach nó teagmháil fhisiciúil gan iarraidh orthu.

Mhol Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant-Ghinearálta Seán Clancy, an tuarascáil agus dúirt sé gur ghlac sé lena torthaí.

Dúirt sé: ‘Tá torthaí na tuarascála seo lom (stark) agus ní mór dúinn athrú. Níl aon áit ann d’aon chineál mí-úsáide, nó gan gníomhú mar gheall ar aon chineál iompair mhíchuí in Óglaigh na hÉireann. Tá sé contrártha lenár n-éiteas agus ár luachanna agus ní ghlacfar leis.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram