Caithfidh na mílte ‘cancer patients’ fanacht sé mhí le haghaidh ‘test results’

30/03/2023

Caithfidh na mílte othar ailse (cancer patients) fanacht suas le sé mhí le haghaidh torthaí tástála (test results) mar go bhfuil ganntanas eolaithe leighis (medical scientists) sa tír.

Dúirt Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an Leighis Saotharlainne (Academy of Clinical Science and Laboratory Medicine, ACLSM)  go bhfuil riaráiste (backlogs) suntasach i dtástálacha saotharlainne d’othair mar thoradh ar ghanntanas foirne.

Ag a gcomhdháil i mBaile Átha Cliath inné, dúirt uachtarán an ACSLM Bernie Quirke gur ‘mór an imní’ é nach bhfuil thart ar 13% de phoist eolaithe leighis líonta.

Dúirt an ACSLM go raibh roinnt eolaithe ag aistriú chuig gairmeacha eile sa leigheas, mar gheall ar easpa deiseanna dóibh.

Tháinig sé chun solais níos luaithe an mhí seo go bhfuil na mílte othar, ar fud oirdheisceart na tíre go háirithe, ag feithimh le haghaidh míonna chun torthaí a dtástálacha ailse a fháil, mar gheall ar riaráiste mór i saotharlann i bPort Láirge.

Chuir sé seo isteach ar othair ó Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge (UHW), Ospidéal Naomh Lúcás agus Ospidéal Ginearálta Thiobraid Árann Theas.

David Cullinane1
David Cullinane Pic: Leah Farrell / RollingNews.ie

Dúirt Ms Quirke go dtugtar tús áite do thástálacha práinneacha, ach go bhfuil riaráistí sa histeapaiteolaíocht (histopathology), a bhaineann le cealla a sheiceáil le haghaidh athruithe atá tábhachtach i ndiagnóis ailse.

Cuirtear isteach freisin ar an tseirbhís saotharlainne lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre, agus tá moill ar thorthaí a fháil do dhochtúirí teaghlaigh.

Dúirt an acadamh go bhfuil an ganntanas eolaithe leighis ag cur moill ar oibriú iomlán na saotharlainne nua ailse cheirbheacs (cervical cancer) in ospidéal an Choim (The Coombe).

Dar le RTÉ, dúirt Iníon Quirke go bhfuil an ACSLM i dteagmháil leis an HSE faoin gceist seo agus go bhfuil sé molta go méadófaí líon na n-áiteanna fochéime, chomh maith le maoiniú do chlár iarchéime. Oibríonn thart ar 3,000 eolaí leighis i saotharlanna ospidéil, ag diagnóisiú agus ag déanamh taighde ar ghalair i gcúram sláinte.

Dúirt urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane leis an Dáil níos luaithe an mhí seo: ‘Tá suas le 6,000 othar i gCo. Phort Láirge agus san oirdheisceart i gcruachás beo mar gheall ar fheitheamh thar a bheith fada ar thorthaí a dtástálacha ailse.

‘Ag deireadh na bliana seo caite, bhí riaráiste de níos mó ná 6,000 sampla “tissue” a d’fhéadfadh a bheith mar ailse ag fanacht le próiseáil i Roinn histeapaiteolaíochta Ospidéal na hOllscoile, Port Láirge.

‘Laghdaíodh an líon seo le dhá mhí anuas go 5,000 ó [tús mhí an Mhárta], ach tá moill shuntasach fós ann, agus roinnt othar ag fanacht suas le sé mhí.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram