An mbeidh ar an Stát íoc as cuid de na costais dlí €500,000 a bhaineann le Enoch Burke?

28/03/2023

D’fhéadfadh an Stát a bheith faoi dhliteanas (liable) i leith cuid de na costais dlí €500,000 a bhaineann le himeachtaí Enoch Burke.

Tá an t-aighneas idir an múinteoir agus meánscoil Wilson’s Hospital san Iarmhí (Westmeath) le teacht ar ais san Ard-Chúirt Dé Máirt.

Ní scoil phríobháideach a n-íocann táillí í an scoil, afách, tá sí liostaithe mar mheánscoil nach n-íoctar táillí (non-feepaying) ann, ar bhunachar sonraí (database) na Roinne Oideachais.

Go dtí le déanaí bhí sé ina scoil phríobháideach ina n-íoctar táillí.

ENOCH BURKE MAIN 768x448 1
Enoch Burke

Dúirt foinse dlí ‘dá n-éireodh rudaí go han-dona leo’ go bhféadfadh cuid de na costais mhóra dlí as gníomhartha Burke a bheith fágtha ag an scoil, de réir tuairisc san Irish Mail on Sunday.

‘Nuair a théann duine isteach i seomra cúirte, ní fios cén bealach a rachaidh sé, agus tá sé sin fíor don scoil sa chás seo,’ a dúirt sí.

‘Ní scoil phríobháideach í Wilson’s Hospital agus ciallaíonn sé sin, b’fhéidir, go bhféadfadh an Roinn Oideachais a bheith faoi dhliteanas (liable) i leith cuid de na costais.

enochWilsonsHospital COI 2
Scoil Wilson’s Hospital

‘Tá an bille dlí measta go dtí seo thart ar €500,000.’

Dúirt urlabhraí don Roinn Oideachais: ‘Faoin Acht Oideachais 1998, tá gach scoil á bhainistiú ag bord bainistíochta na scoile/ETB agus níl aon ról ag an Roinn i bhfostaíocht foirne i scoileanna nó i mbainistíocht laethúil scoileanna.

‘Is na scoileanna aonair, mar fhostóirí, a dhéileálann le gearáin nó le cúrsaí smachta, faoi reachtaíocht agus nósanna imeachta ábhartha, agus níl aon ról díreach ag an Roinn maidir le cúrsaí dá leithéid a bhainistiú.

‘Mar sin, ní bheadh sé cuí don Roinn trácht a dhéanamh ar aon chás ar leith.’

Briseadh an tUasal Burke as an scoil ar an 20 Eanáir tar éis éisteacht smachta siúl maidir leis an diúltú glaoch ar dhalta mar ‘siad’ nó ‘iad’.

Bhí an múinteoir Gearmáinise agus staire ag obair sa scoil le ceithre bliana. Cuireadh ar fionraí é ar phá iomlán i mí Lúnasa seo caite áfach, tar éis dó dul i ngleic leis an iar-phríomhoide Niamh McShane ag seirbhís i séipéal na scoile chun 260 bliain a cheiliúradh.

Tá sí anois ag rith alma mater Graham Norton, Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan i gContae Chorcaí.

Bunaíodh scoil Wilson’s Hospital sa bhliain 1761 agus ina measc siúd a d’fhreastail ar an 260ú ócáid chomórtha bhí chléir, baill foirne, iar-dhaltaí agus daltaí láithreacha, tuismitheoirí, agus baill bhoird na scoile.

In éisteachtaí cúirte roimhe seo éilíodh gur chuir an tUasal Burke isteach ar an tseirbhís agus d’éiligh sé go dtarraingeodh príomhoide na scoile a hiarratas siar go ndéanfadh sé labhairt le dalta mar ‘siad’ nó ‘iad’.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram