Molann an HSE do dhaoine a bheith airdeallach faoi ‘vomiting bug’

D’iarr an HSE ar dhaoine a bheith ar an eolas faoi noraivíris, sé sin on vomiting bug.

Is leanaí óga agus seandaoine is mó atá buailte tinn ag an víreas.

Tá beagnach ceithre oiread an leibhéal a bhí ann faoin am seo anuraidh bainte amach faoi láthair.

Is víreas “éasca le scaipeadh” é an noraivíreas, a chuireann urlacan (vomiting) agus buinneach (diarrhoea) ar siúl go tobann.

Chomh maith le sin bíonn fiabhras, tinneas cinn agus daigh bhoilg ar dhaoine freisin, agus bíonn pianta i mbaill eile den chorp in amanna.

I ráiteas a eisíodh ar Dé Máirt, dúirt an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte gur taifeadadh go hoifigiúil 394 cás den noraivíreas sna chéad deich seachtaine den bhliain seo, le hais 109 san achar céanna anuraidh.

Doctor Patient 768x448 1

As na 394 cás a taifeadadh, is daoine os cionn 65 bliain a leath acu agus is leanaí faoi bhun cúig bliana corradh leis an gceathrú cuid.

Táthar ag iarraidh ar dhaoine a lámha a ní agus dromhchlaí a sciomradh go minic chun cur in aghaidh leathadh an víris.

Dúirt an Dr Paul McKeown ón Lárionad Faire nár mhór a chur san áireamh go maireann an noraivíreas ar dhromchlaí ar feadh i bhfad.

Thug sé le fios freisin gur gallúnach agus uisce an chosaint is fearr ar an víreas ach nach bhfuil aon ghar i nglóthach alcóil.

Dúirt sé nár taifeadadh an oiread cásanna den noraivíreas le roinnt blianta mar gheall ar an bpaindéim ach go bhfuil sé inár measc anois arís gan aon agó.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram