Tubridys na todhchaí: Spraoi den scoth ag DJs óga i mbun traenála

Tá Ryan imithe ach b’fhéidir go bhfuil Tubridy’s na todhchaí i mbun traenála cheana féin, agus ag spraoi leis.

Tar éis do Ryan Tubridy a fhógairt go bhfuil sé ag éirí as a bheith ina óstáil ar an Late Late Show, cé go bhfuil sé ag coinneáil lena chlár raidió faoi láthair, bhí grúpa nua craoltóirí an-óg ag cleachtadh lena áit a ghlacadh.

SpraoiRadio1

Bhí spraoi den scoth ag glúin nua de réaltaí raidió na Gaeilge ag ceardlanna Spraoi Raidió na Life.

Bhí na DJs óga I mbun traenála le coicís anuas mar chuid de chlár imeachtaí Sheachtain na Gaeilge an stáisiúin, atá ag ceiliúradh tríocha bliain ar an aer i mbliana.

SpraoiRadio2

D’fhreastail 250 páiste ar na ceardlanna, a reáchtáladh le cúnamh ó Údaras Craolacháin na hÉireann agus ó Fhoras na Gaeilge. 

I measc an 250 páiste a d’fhreastail ar na ceardlanna, bhí daltaí ó Ghaelscoil Chaoimhín ar Shráid Mhaoilbhríde (Marlborough Street) i dtuaisceart lárchathair Bhaile Átha Cliath, Gaelscoil Chaitlín Maude i dTamhlacht (Tallaght) i mBaile Átha Cliath Theas, agus Gaelscoil na Mí i gCill Dhéagláin (Ashbourne) i gCo. na Mí. 

SpraoiRadio3

Tionscadal is ea SPRAOI Raidió na Life ina dtugtar deis do pháistí scoile an Ghaeilge a úsáid ar bhealach spraíúil agus oideachasúil agus iad ag foghlaim scileanna craoltóireachta trí Ghaeilge, le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann leis an táille ceadúnais teilifíse agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Tá ceardlanna raidió á soláthar ag SPRAOI Raidió na Life do pháistí bunscoile ó 2015, agus acmhainní foghlama nuálacha ar líne á gcur ar fáil ag Raidió na Life do bhunscoileanna, idir Ghaelscoileanna agus scoileanna nach Gaelscoileanna iad, le tacaíocht ón BAI ó 2022.



Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram