Rabhadh maidir le tiomáint ar meisce agus ar dhrugaí … tar éis méaduithe ar bhás daoine óga ar na bóithre

Tá rabhadh eisithe ag Gardaí maidir le tiomáint ar meisce agus ar dhrugaí roimh dheireadh seachtaine na Féile Pádraig, tar éis méadú ar líon na mbásanna ar na bóithre.

Tá 40 duine básaithe cheana féin ar na bóithre i mbliana, agus bhí leath díobh sin 35 bliain d’aois nó níos óige.

Dúirt Paula Hilman, Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána um Phóilíneacht Bóithre agus Rannpháirtíocht sa Phobal (Roads Policing and Community Engagement): ‘Ba mhaith linn go mbeadh am an-mhaith ag daoine ach ó thaobh sábháilteacht ar bhóithre de, tá ár dteachtaireacht soiléir, ná bí ag ól ná ag tiomáint riamh.’

Gardai feat new

Léiríonn figiúirí nua freisin gur gabhadh os cionn 1,500 duine as tiomáint le halcól nó drugaí ó thús na bliana.

Gabh na gardaí 937 tiománaí le halcól, agus 584 i ndiaidh dóibh drugaí a ghlacadh.

Thar thréimhse Lá Fhéile Pádraig anuraidh, rinne gardaí 72 ghabháil as tiomáint le halcól, agus 33 as tiomáint faoi thionchar drugaí.

Bhí 34 dóibh siúd gafa ar maidin idir 6am agus 12pm.

Léiríonn na staitisticí is déanaí ón nGarda Síochána go bhfuil 40 duine tar éis a mbeatha a chailleadh in eachtraí, ceithre cinn níos mó ná an tréimhse chéanna anuraidh,.

Tá an figiúr beagnach 18% níos airde ná an leibhéal réamhphaindéimeach, sé sin 34 suas go dtí 14 Márta 2019.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre (Road Safety Authority RSA) Sam Waide go bhfuil ‘50% de na básanna 35 bliain d’aois nó níos óige’.

Gardai1 960x560 1
Pic: Artur Widak/NurPhoto

Dúirt sé: ‘Tá riachtanas ar leith ag daoine óga roghanna maithe a dhéanamh agus iad ag úsáid na mbóithre an deireadh seachtaine seo, lena n-áirítear tiomáint agus iad lagaithe (impaired) a sheachaint, trí dheoch nó trí dhrugaí nó meascán den dá rud.’

Beidh láithreacht infheicthe ag Gardaí ar fud na tíre sna laethanta amach romhainn, le béim ar leith ar thiomáint faoi thionchar.

Dúirt Coimisinéir Cúnta Hilman: ‘Ní féidir dul ag tiomáint tar éis alcól nó drugaí a ól.

‘Is é an rud atá le feiceáil againn i ndáiríre ná méadú ar an tiomáint ar meisce arís agus táimid ag dul ar ais chuig figiuirí mar a bhí roimh Covid.’

Dúirt sí go bhfuil na gardaí ag ‘leanúint ar aghaidh ag brath ar i bhfad níos mó daoine ag tiomáint tar éis drugaí a ghlacadh freisin’.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram