Scrios Simon Coveney téacs faoi chomóradh le linn srianta Covid… ach dúirt sé nach ndearna sé é

Dúirt Simon Coveney le coiste Oireachtais nár scrios sé teachtaireachtaí faoi chomóradh le linn srianta Covid… ach is cosúil anois go ndearna sé.

Scrios an t-aire sinsearach teachtaireacht, ó iriseoir, a bhain leis an gceiliúradh conspóideach Champagne-gate, ag an am.

Dúirt sé, áfach, nár scrios sé ‘aon téacsanna’ faoi.

Department Of Foreign Affairs COVID Breach 1 1068x623 1
Bhí níos mó ná 20 duine sa phictiúr ag cruinniú i lár srianta Covid. Pic: Niall Burgess/Twitter

Ba é ceiliúradh Champagne-gate nuair a bhí níos mó ná 20 oifigeach de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha (Foreign Affairs) i bphictiúr ag cruinniú i lár srianta Covid.

Bhí fearg ar daoine anuraidh nuair a tháinig sé chun solais go raibh oifigigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha ag ceiliúradh le chéile, agus srianta ar an Covid-19 in airde, nuair a bhuaigh Éire suíochán ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (United Nation’s Security Council).

Tá sé tagtha chun solais freisin gur dúirt Comhairleoir Speisialta (Special Adviser) leis an Uasal Coveney aon teachtaireachtaí ó iriseoir áirithe a scriosadh mar gur chreid sé go raibh sé ag trolláil.

Tá na torthaí seo le fáil i dtuarascáil ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise (Office of the Information Commissioner) faoi iarratas um Shaoráil Faisnéise (Freedom of Information, SF).

Simon Coveney Text 1

Dúirt an tUasal Coveney leis an gCoiste Oireachtais um Ghnóthaí Eachtracha i mí Feabhra na bliana seo caite nach raibh aon téacsanna a bhain le Champagne-gate scriosta aige.

Mar sin féin, chuir iriseoir isteach iarratas Saoráil Faisnéise ag iarraidh cóipeanna de gach teachtaireacht téacs a fuair nó a sheol an tUasal Coveney maidir leis an imeacht.

Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach bhfuarthas aon taifid ábhartha agus dá bhrí sin dhiúltaigh siad don iarratas.

Dúirt an t-iriseoir céanna, áfach, go raibh sé ar an eolas faoi théacs a sheol sé go díreach chuig an aire féin.

Fiafraíodh de leascheannaire Fhine Gael, a bhí ina Aire Gnóthaí Eachtracha ag an am, trí huaire ag éisteacht coiste an raibh téacsanna a bhain leis an gcruinniú scriosta aige.

D’fhiafraigh Paul Murphy, TD Pobal Roimh Brabús, ar an tUasal Coveney faoi thuairisc sna meáin go raibh teachtaireacht téacs faighte aige faoin ábhar an 29 Nollaig 2021.

Dúirt an tUasal Coveney: ‘Is féidir liom a rá nach bhfuil aon téacsanna scriosta agam agus gur chomhlíon mé na rialacha faoi Shaoráil Faisnéise.’

Simon Coveney Phone 1
Simon Coveney Pic:Gareth Chaney/Collins

Dúradh freisin sa tuarascáil ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise gur chuir Comhairleoir Speisialta in iúl don Aire faoi théacs a sheol iriseoir chuig an Aire, ar an 29 Nollaig 2021, agus gur phostáil an iriseoir ar Twitter ansin é.

Dúradh sa tuarascáil gur cheap an Comhairleoir Speisialta go raibh tróláil ar siúl agus nár cheart go mbeadh aon teagmháil ag an Aire, agus gur cheart an teachtaireacht a scriosadh. Dúirt sé gur scrios an tAire an teachtaireacht.

Dúradh sa tuarascáil: ‘Dúirt sé [an comhairleoir], bunaithe ar a chomhairle, gur scrios an tAire láithreach aon teachtaireacht a chuir an t-iarratasóir chuig a ghuthán.’

Dúirt urlabhraí thar ceann an Aire Coveney leis an Irish Daily Mail: ‘Ar an 3 Márta, chinn an Coimisinéir Faisnéise i bhfabhar na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus an Aire Coveney i gcás a thóg an tUasal X. Bhí an cúlra agus na sonraí ábhartha go léir ag an gCoimisinéir agus cuireann muid fáilte roimh a gcinneadh.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram