‘St Patrick was an immigrant’: Seolann an tUachtarán Ó hUiginn teachtaireacht chumhachtach an ghrá don fhéile

Tá teachtaireacht chumhachtach eisithe ag an Uachtarán Micheál D Ó hUiginn ag rá le muintir na hÉireann ‘teachtaireacht Naomh Pádraig a ghlacadh go hiomlán’ agus diúltú do ‘nimh’ an chiníochais (racism).

Dúirt an tUachtarán Ó hUiginn gur ábhar misnigh é go leanann daoine in Éirinn ag soláthar tearmainn do na mílte saoránach easáitithe ón Úcráin a theith ón gcoimhlint.

michael d paddys day 2 768x448 1
An tUachtarán Micheál D Ó hUiginn

Dúirt sé ina theachtaireacht thraidisiúnta do Lá Fhéile Pádraig, áfach, go bhfuil ‘seineafóibe nimhiúil’ (poisonous xenophobia) tar éis dul i bhfeidhm ar go leor áiteanna, agus an ciníochas ‘ag méadú seachas ag laghdú’.

Dúirt sé go raibh ciníochas ag dul i méid in aimsir na himirce in éineacht le gáinneáil ar dhaoine (human trafficking) ach dúirt sé cé gur ‘pointí dorchadais’ iad seo is dúshláin dúinne iad.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO: Ceannairí gnó Mheiriceá ar buile faoi ‘snub’ ó Varadkar

‘Lig dúinn ina ionad sin a bheith treoraithe ag pointí an tsolais,’ a dúirt sé.

D’iarr an t-uachtarán ar gach duine seasamh leo siúd go léir ar fud na cruinne atá leochaileach (vunerable) agus i ngátar.

Ag labhairt dó faoi Naomh Pádraig, dúirt sé gur cheart do mhuintir na hÉireann glacadh go hiomlán le hoidhreacht ár bpátrúin, go háirithe agus iad ag déileáil leis an imirce; agus gur chuimsigh Naomh Pádraig ‘instincts réasúnta na daonnachta’, agus an imirce ‘mar ghné leanúnach d’eispéireas na hÉireann’.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO: Rabhadh maidir le tiomáint ar meisce agus ar dhrugaí … tar éis méaduithe ar bhás daoine óga ar na bóithre

Thug sé ómós d’imircigh agus tharraing sé cosúlachtaí ó shaol Naomh Pádraig. Dúirt sé go raibh an naomh ina sclábhaí agus ina imirceach, agus go bhfuil a scéal ag meabhrú ar misneach riachtanach na n-imirceach, i gcuimhne freisin ar an méid a rinne siad agus atá siad fós ag dhéanamh sna tíortha atá siad ina chónaí ann anois.

Dúirt sé go bhfuil ‘macallaí cumhachtacha’ i saol Naomh Pádraigh sa lá atá inniu ann agus gur cheart dúinn ‘oidhreacht Phádraig a ghlacadh go hiomlán’ chun freagairt do ‘réaltacht leanúnach brúidiúil na gáinneála ar dhaoine agus na himirce éigeantais’.

St Patricks Day 3 1168x681 1

Dúirt sé go raibh teachtaireacht Phádraig ‘ina chroílár meas ar an dúlra’, agus le pláinéad ‘scanraithe ag gníomhartha daonna’, dúirt sé nach raibh an t-éileamh ar chomhghníomhú chun dul i ngleic le héigeandáil aeráide comhroinnte na Cruinne riamh níos mó’.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO: Scrios Simon Coveney téacs faoi chomóradh le linn srianta Covid… ach dúirt sé nach ndearna sé é

‘Éagóir tragóideach’ a bhí ann gurb iad na náisiúin is mó a d’fhulaing an t-athrú aeráide ba lú a bhí freagrach astuithe.

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig. Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táibléad agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram