SEACHTAIN NA GAEILGE: Ag labhairt Gaeilge le Maura Derrane … Hot tip … cúpla focal Béarla

15/03/2023

Bhí céad seachtain iontach ag Seachtain na Gaeilge … ach tá bealach le dul, agus labhair ExtraG.ie le duine d’ambasadóir na hócáide, Maura Derrane, faoin mbealach is fearr le daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid.

Tá roinnt smaointe suimiúla aici, go háirithe an smaoineamh gurb é an bealach is fearr le comhrá suaimhneach a bheith agat i nGaeilge ná … le cúpla focal Béarla.

Ag glacadh sos óna sceideal gnóthach ar an gclár tráthnóna, Today, ar RTÉ a hAon, le Dáithí Ó Sé agus Sinead Kennedy, labhair Maura le ExtraG.ie faoina grá féin dár dteanga dhúchais agus an fáth go bhfuil sí ina hambasadóir.

Today With Maura And Daithi Maura Derrane Daithi O Se 4 768x448 1
Maura Derrane le Dáithí Ó Sé

‘Bhí mé breá sásta nuair a iarradh orm a bheith mar dhuine don na hambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge. Rugadh in Inis Mór mé agus chuaigh mé tríd an scoil Ghaeilge. Agus is aoibhinn liom a bheith ag labhairt i nGaeilge i gcónaí.

‘Mar sin tá mé ag iarraidh an teachtaireacht sin a chur amach ag daoine go bhfuil sé, b’fhéidir, níos éasca ná mar a cheapann tú cúpla focal Gaeilge a labhairt chuile lá.

‘Tá mé ag obair le Daithí Ó Sé ar an seó, Today, agus is as Contae Chiarraí é Dáithí agus is an Inis Mór mé fhéin, mar sin tá Gaeilge againn ón nglúin, agus bíonn muid ag labhairt Gaeilge le chéile chuile lá beagnach’

Agus deir Maura rud nach dtuigeann an-chuid daoine óga sa lá atá inniu ann, b’fhéidir, agus tuismitheoirí freisin, sé sin gur cabhair mhór í an Ghaeilge chun post a fháil.

Deir Maura: ‘Mar go raibh Gaeilge agam fuair mé post ar dhuine do na chéad iriseoirí ar TG4, a bhí mar TnaG ag an am. Mar sin is buntáiste mór é.

ambasaodSnaGd
Éadaoin Fitzmaurice, Manchán Magan agus Maura Derrane

‘Deirim le daoine, b’fhéidir, cupán caife a ordú trí Ghaeilge nó “hello” a rá le daoine trí Ghaeilge. Agus gan faitíos a bheith ar dhaoine Gaeilge a labhairt. Gan scanradh a bheith ort faoinár teanga féin.

‘“Labhair Gaeilge badly”, sin ráiteas maith, agus sin an rud atá mise ag rá go háirithe mar ambasadóir. Abair cúpla focal Gaeilge, má chuireann tú isteach cúpla focal Béarla, is cuma. Ná bí ag iarraidh a bheith foirfe, ní gá duit a bheith cineál “puritanical”, nuair a thagann sé go dtí an Ghaeilge.

‘Sna Gaeltachtaí ar fud na tíre nuair a bhíonn muid ag labhairt sa bhaile bíonn daoine ag meascadh isteach Gaeilge agus Béarla le chéile. Mar, aon language, tá sé i gcónaí ag fás agus, you know, tá focail nua ag teacht isteach, agus b’fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge againn ar an bhfocal nua Béarla, so cuir isteach an focal Béarla agus oibríonn sé.’

Is iad Manchán Magan agus Éadaoin Fitzmaurice na hambasadóirí eile ag moladh dúinn, am ar bith, áit ar bith, cúpla focal a labhairt.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram