Eamon Ryan faoi bhrú mar gheall ar deireadh ag teacht ar cosc ar ‘evictions’

09/03/2023

Tá ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan faoi bhrú agus tá sé cáinte ag Teachtaí Dála sinsearacha a pháirtí as pleananna deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú (evictions).

Labhair Neasa Hourigan amach in aghaidh an cinneadh deireadh a chur ar an cosc ag deireadh na míosa seo, agus dúirt sí nach raibh sé mar polasaí a páirtí.

Dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien gur tharla an cinneadh mar gheall ar imní go ndéanfadh síneadh damáiste do sholáthar maoine ar cíos san fhadtéarma dá bhfágfadh níos mó tiarnaí talún an margadh cíosa.

DarraghOBrienTD
Darragh Ó’Brian

D’admhaigh sé, áfach, go bhféadfadh go mbeadh níos mó daoine gan dídean sa ghearrthéarma mar thoradh ar an gcinneadh.

Tá sé léirithe gur cuireadh 2,700 fógra scoir ar sos nuair a tugadh isteach an cosc ar dhíshealbhú, a dúirt sé.

Dúirt an TD ón gComhaontas Glas do Bhaile Átha Cliath Láir, Ms Hourigan, áfach, go bhfuil an cinneadh “mícheart agus gan smaoineamh” agus go gcaillfidh daoine a dtithe sna seachtainí atá romhainn.

“I ndáiríre níl a fhios agam cá bhfuilimid chun daoine a bheidh gan dídean gan dabht a chur,” a dúirt sí.

neasa
Neasa Hourigan

Ag labhairt di ar Today RTÉ le Claire Byrne, dúirt Ms Hourigan go raibh an-díomá uirthi nach raibh aon duine sa seomra le labhairt ar son luachanna agus polasaithe an Chomhaontais Ghlais nuair a rinneadh an cinneadh.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO: Le deireadh ag teacht ar ‘evictions’, léiríodh don chéad uair gur tiarna talún é Leo Varadkar

Dúirt sí nár labhair ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan, atá ina Aire Iompair, ar son pholasaithe an pháirtí toisc gurb é polasaí an Chomhaontais Ghlais gur cheart an cosc ar dhíshealbhú a leathnú go dtí go dtabharfar aghaidh ar an ngéarchéim ar bhealach éigin.

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig.

Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táibléad agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram