‘A simple procedure’! Fuair máthair bás tar éis gnáth-obráid chun cyst a bhaint as ovary

Tá cloiste ag ionchoisne (inquest) faoi bhás tobann máthar tar éis gnáth-obráid chun ‘ovarian cyst’ a bhaint.

Bhí baint ag an mbás tragóideach le ‘bloodclotting powder’ a thabhairt do Linda Connell nár moladh é a úsáid i máinliacht gínéiceolaíoch, chuala ionchoisne.

Bhásaigh Ms Connell, a bhí 41 bliain d’aois, de bharr neamhord fola annamh in Ospidéal Beaumont ar 11 Márta 2020.

Linda Connell 2
Linda Connell

  D’éirigh sí tinn tar éis mionobráid, cúig lá roimhe sin in Ospidéal Mhuire san Uaimh (Navan), Contae An Mhí (Meath).

Chualathas ag an ionchoisne i gCúirt Chróinéara Dúiche Bhaile Átha Cliath ar an Déardaoin gur úsáideadh leagan de ‘EndoClot’ le linn an obráid.

Mar sin féin, níl an táirge deartha ach le húsáid sa ‘gastrointestinal tract’.

Linda Connell and husband 4 480x672 1
Linda Connell agus David Freeman

Dúirt fear céile Ms Connell, David Freeman, leis an ionchoisne go ndeachaigh a bhean chéile, atá ina máthair le leanbh amháin, isteach le haghaidh mionobráid simplí agus gur chaill sí a saol dá bharr.

Dúirt an tUasal Freeman go raibh sé ag freastal ar an ionchoisne mar ‘ghuth’ dá bhean chéile agus go ndéanfadh sé iarracht freagraí a fháil di agus dá teaghlach.

Dúirt sé leis an gcróinéir go raibh tionchar pianmhar ag bás tragóideach a bhean chéile air féin, ar a mac Joshua agus ar a thuismitheoirí Philip agus Breda.

linda connellDavid Freeman 960x560 1
David Freeman

Bhí Ms Connell as Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, ach bhí siad ina a gcónaí i Leac an Ais, Baile Átha Troim, Contae an Mhí.

‘Ní raibh ach tús lenár saol pósta le chéile agus bhí todhchaí geal romhainn,’ a dúirt an tUasal Freeman.

Ag cuimilt deora, dúirt sé: ‘Mar gheall ar Linda a chailleadh tá mé briste croíúil.’

Dúirt an gínéiceolaí comhairleach Dr Sahar Ahmed, a rinne an obráid ar Ms Connell, gur iarr sí ar fhoireann obrádlainne Ospidéal Mhuire le haghaidh an táirge téachtadh fola (blood clotting product) a d’úsáidfeadh sí de ghnáth ach nach raibh sé ar fáil agus gur cuireadh EndoClot ar fáil ina ionad sin.

Linda Connell 3
Linda Connell

Dúirt Dr Ahmed nach raibh aon rud neamhghnách maidir le táirgí cosúla a thabhairt in obrádlann.

Níor shíl sí go raibh aon nasc idir an méid a tharla do Ms Connell agus úsáid EndoClot go dtí 18 mí ina dhiaidh sin nuair a tháinig sí ar an eolas faoi eachtra den chineál céanna a bhain le hothar eile agus úsáid an phúdair téachtáin fola ag Ospidéal Mhuire.

Nuair a d’fhiafraigh an t-abhcóide do theaghlach Ms Connell, Alistair Rutherdale BL, an seachnódh sí EndoClot a úsáid ar Ms Connell dá mbeadh a fhios aici ansin cad a bhí ar eolas aici anois, d’fhreagair Dr Ahmed: ‘100%.’

Is é fíorasc an ionchoisne ná míthapa leighis (medical misadventure).

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram