Bravó do na Banshees le ceithre Baftas, ach theip ar Farrell, Gleeson, Mescal … agus An Cailín Ciúin

21/02/2023

Oíche bhródúil a bhí ann do na Gaeil aréir mar bhuaigh The Banshees of Inisherin ceithre Baftas, ina measc an t-Aisteoir Tacaíochta Fireann is fearr do Barry Keoghan agus an tAisteoir Tacaíochta Mná is Fearr do Kerry Condon.

Tiomnaigh (dedicate) réalta Banshees Barry Keoghan, atá 30 bliain d’aois, an gradam ar leanaí a chónaíonn i gCnoc an tSamhraidh (Summerhill), i mBaile Átha Cliath, a mhac Brando agus a mháthair nach maireann.

Bhí an ceathrú cuid de na 24 ainmniúchán aisteoireachta ag na hÉireannaigh, lena n-áirítear Colin Farrell agus Paul Mescal, ainmnithe do ghradaim an Aisteoir Fireann Is Fearr, agus Brendan Gleeson, a ainmníodh don Aisteoir Tacaíochta Fireann is Fearr.

bafta martin mcdonagh baftas 1168x681 1
Martin McDonagh

Nuair a bhí sí ar an stáitse chun a gradam a bhailiú, thug Condon ómós don stiúrthóir Banshees Martin McDonagh.

‘Go raibh maith agat as na páirteanna ar fad a thug tú dom le linn mo shaoil. Cuireann tú an-bhród orm a bheith i mo bhean Éireannach,’ a dúirt sí.

Ghabh sí buíochas freisin leis an ‘fhoireann aisteoirí iontach’ agus lena muintir chomh maith lena capaill agus lena madraí.

Fógraíodh go mícheart gur bhuaigh Carey Mulligan an duais don aisteoir tacaíochta tar éis earráid aistriúcháin agus an t-aisteoir bodhar Troy Kotsur i láthair.

Bhí Kotsur, buaiteoir Oscar, ag seachadadh an fhógra i dteanga chomharthaíochta (sign language) agus ghlaoigh amach ainm Mulligan as a cuid feidhmíochta in She Said, de bharr míchumarsáide.

paulmescallatelatefeat 768x448 1

ÉIST LE SEO! Bhí an
Cailín ciúin ag na
BAFTAs … ach bhí
Gaeilge gleoite ag Paul
Mescal agus Brendan
Gleeson. CLIC ANSEO

Ceartaigh an fógróir é sin go tapa agus ansin fógraíodh gurbh é Condon an buaiteoir.

Dúirt Keoghan go mbraitheann sé go spreagfaidh rath ghradaim Bafta do The Banshees Of Inisherin ealaíontóirí anseo in Éirinn ‘na scripteanna a sheoladh isteach agus dul ar son na rudaí ba mhaith leo a dhéanamh’.

Dúirt sé: ‘ Spreagann sé na healaíona sa bhaile, agus is oileán scéalaíochta muid agus aisteoirí agus filí agus scríbhneoirí iontacha.

‘Agus cabhraíonn sé seo go mór leis an tionscal sa bhaile agus spreagann sé daoine chun na scripteanna a sheoladh isteach agus dul ar a bhfuil siad ag iarraidh a dhéanamh.’

Dúirt sé go bhfuil sé beartaithe aige a bhua a cheiliúradh lena mhac, Brando, trí sheirbhís seomra a ordú tar éis an tsearmanais agus go bhfuil sé chun an duais a choinneáil faoi phictiúr dá mháthair.

banshees baftas irish banshees 1168x681 1
Na Banshees le chéile ag na Baftas

Agus é ag buachan an duais donscript scannáin is fearr do The Banshees Of Inisherin, dúirt Martin McDonagh: ‘Níor cheart go mbeadh an oiread sin spraoi ag baint le scannán brónach a dhéanamh.’

Níor éirigh leis Gleeson, Farrell agus Mescal gradaim a fháil ach rinne Daryl McCormack magadh go raibh sé ag freastal ar na ‘Irish Baftas’

Bhí sé ainmnitheach le haghaidh gradam don Aisteoir Fireann is Fearr agus mar Rising Star ach chaill sé sa dá chatagóir.

Dúirt an fear ó Thiobraid Árann ó dhúchas, a bhí sa scannán Good Luck to You, Leo Grande: ‘Is tír bheag í ach is iontach an rud é an tallann atá le feiceáil ann.’

Ba é an ceathrú Bafta a bhuaigh Banshee ná, an gradam don Scannán Briotanach is Fearr.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram