‘Dúirt daoine go raibh muid as ár meabhair’: Wild Youth ag dul do dtí Eurovision mar iontráil na hÉireann

04/02/2023

Beidh an banna Wild Youth ag dul go Learpholl mar iontráil na hÉireann ar an Eurovision, leis an amhrán, We Are One.

Ag labhairt dó tar éis an bua, dúirt an t-amhránaí Conor Donohoe: ‘Tá mé ag croitheadh (shaking). Go raibh míle maith do gach duine a vótáil ar ár son.

Wild Youth 1 1 960x560 1
Wild Youth

‘Tá súil againn gur féidir linn an jab is fearr a dhéanamh d’Éirinn.’

Agus a athair sa lucht féachana, dúirt Conor: ‘Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár dteaghlaigh ar fad, thug siad tacaíocht dúinn ón gcéad lá.’

 Dúirt sé: ‘Is léir go bhfuil muid thart le tamall anuas, bhí muid ag iarraidh é seo a dhéanamh. Dúirt an oiread sin daoine go raibh muid as ár mheabhair.’

Chuaigh seisear iomaitheoir i ngleic leis sa chomórtas Eurosong, le linn an Late Late Show, agus bhí an vótáil an-ghar idir Wild Youth as Baile Átha Cliath agus an amhránaí Connolly, a tháinig sa dara háit lena hamhrán Midnight Summer Night.

ADGY
ADGY

Beidh Eurovision na bliana seo ar siúl i Learpholl ar 13 Bealtaine. Níor éirigh le Éire dul thar na babhta leathcheannais ach uair amháin ó 2013, agus tá fadhbanna an-deacair romhainn i mbliana.

Glacfaidh ár n-iontrálaí páirt sa chéad babhta leathcheannais ar Dé Máirt 9 Bealtaine i mbliana, agus sin an cheann nach mbeidh cead vótála ag vótóirí na hÉireann atá ina chónaí sa Bhreatain agus san Astráil.

Roghnaíodh an trí mheascán de vóta poiblí agus vótaí ó ghiúiré náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Bhí scairt imithe amach do Ghaeilgeoirí vótáil le haghaidh ADGY agus a amhrán Too Good for Your Love.

EurovisionLate Late Euroong Hopefulls12 1068x623 1
Ryan Tubridy

Is é ADGY Aindriú Carr, as an Bhun Bheag, Gaoth Dobhair, i nDún na nGall, Gaeilgeoir a úsáid focail Ghaeilge mar chuid dá léiriú.

Is iad na hiomaitheoirí a bhí ann ná:

ADGY (Too Good for your Love),

CONNOLLY (Midnight Summer Night),

Wild Youth (We are One),

Leila Jane (Wild),

K Muni & ND, Kofi Appiah and Nevlonne Dampare (Down in the Rain)

 Public Image Limited (Hawaii).

Roghnaíodh iad as na céadta iontráil a fuair RTÉ.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram