Rabhadh ailse nua faoi ‘sliced pan’ agus ‘ice cream’

Is féidir ailse a bheith mar thoradh ar arán gearrtha (sliced pan) nó uachtar reoite (ice cream) a ithe, tuigtear anois.

Tugann staidéar nua rabhadh go bhféadfadh gnáth-bhianna próiseáilte mar arán, gránach (cereal), liamhás (ham), brioscáin (crisps) agus uachtar reoite an baol ailse a mhéadú.

Iad siúd a d’ith an chuid is mó de na cineálacha bia sin bhí an baol is airde acu gach cineál ailse a fhorbairt, de réir taighde ó Imperial College London.

Ba mhó an seans, freisin,  go bhfaigheadh siad bás de bharr ailse dá bhfaigheadh siad é, agus bhí suas le trian (30%) níos marfach  (deadly) ag ailse chíche (breast cancer) agus ailse ubhagáin (ovarian cancer).

Creideann saineolaithe go bhféadfadh ceimiceáin, dathanna, milseoirí agus leasaithigh (preservatives) an riosca a ardú, agus go bhfuil an gaol idir murtall (obesity) agus ailse seanbhunaithe cheana féin.

Ice Cream Outdoor Dining Feature 768x448 1

Cé go bhfuil na torthaí bunaithe ar shonraí breathnadóireachta agus mar sin níl siad cruthaithe go fóill, spreag na taighdeoirí daoine chun gearradh siar ar bhianna próiseáilte anois nó a beith i mbaol ‘fadhbanna sláinte tromchúiseacha sa todhchaí’.

Scrúdaigh an staidéar, arna mhaoiniú ag Cancer Research UK agus an Ciste Taighde Ailse Domhanda (World Cancer Research Fund), réimeanna bia (diets) 197,426 duine idir 40 agus 69 bliain d’aois, thar thréimhse deich mbliana.

I gcás gach méadú 10% ar bhia próiseáilte i réim bia, bhí riosca ailse 2% níos airde ar an iomlán, agus 19% go sonrach d’ailse ubhagáin.

Rinne an staidéar, a foilsíodh san iris eClinicalMedicine, gach ardú 10% a nascadh le riosca 6% níos airde bás a fháil ó ailse, agus an riosca seo ag ardú go 16% d’ailse chíche agus 30% d’ailse ubhagáin

Cancer Patients 6 768x448 1

Dúirt an Dr Kiara Chang, ó Imperial College London: ‘B’fhéidir nach n-imoibríonn ár gcorp ar an mbealach céanna leis na comhábhair (ingredients) agus na breiseáin (additives) seo agus a dhéanann siad do bhianna úra agus cothaitheacha (nutritious), nach bhfuil próiseáilte go leor.’

Tá daoine óga agus daoine ar ioncam níos ísle i mbaol faoi leith, a dúirt sí, mar gheall ar phraghsanna saora agus margaíocht ionsaitheach.

Dúirt sí freisin go bhfuil gá le ‘leasú práinneach’ chun daoine a chosaint ó bhianna próiseáilte.

‘Tá rabhaidh soiléire ar lipéid ag teastáil uainn.’

Mhol staidéir roimhe seo nasc idir bianna próiseáilte agus galar croí, chomh maith le murtall agus diaibéiteas cineál 2.

Dúirt údair an taighde is déanaí, cé nach féidir leis an staidéar cúis a chruthú, léiríonn fianaise eile atá ar fáil go bhféadfadh buntáistí sláinte tábhachtacha a bheith le níos lú bianna próiseáilte aithe.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram