Bhuel, Lá Dí Dá! An mbeidh ‘prawn sandwiches’ ann? Féach isteach i ‘posh pad’ Roy Keane i D4

22/01/2023

Is breá le Roy Keane magadh a dhéanamh ar lucht leanúna na ‘prawn sandwiches’, ach bheadh siad sa bhaile sa  ‘posh pad’ nua i mBaile Átha Cliath 4 a cheannaigh sé, de réir tuairiscí.

lp8

Tá laoch na peile dílis do Manchester, bródúil as a bheith ó Chorcaigh… ach an mbeidh sé ag maireachtáil le na daoine ardnósach i mBaile Átha Cliath?

Tuairiscítear go bhfuil cinneadh déanta ag Keane agus a bhean Theresa Doyle árasán fíorghalánta a cheannach ag Lansdowne Place rachmasach.

lp4

 Tá 215 árasán ar an suíomh, 6.8-acra, áit a raibh óstáin an Berkeley Court agus Jurys, agus deirtear gur féidir leo costas chomh mór le €6.5 milliún a ghearradh.

De réir an Irish Times, rinne muintir Keane an margadh don árasán díreach roimh an Nollaig.

lp13

Tá Keane, atá 51 bliain d’aois, lonnaithe i Sasana le blianta fada anuas, agus tá cónaí ar an teaghlach i dteach 9,500 troigh cearnach i Cheshire faoi láthair.

Tugann sé cuairteoir rialta ar Bhaile Átha Cliath agus ar Chorcaigh, ar ndóigh, agus ní léir an infheistíocht atá san árasán, nó an úsáidfidh sé é féin é. Ach má beidh sé ann, is é seo an compord atá in ann dó.

lp10

lp11
lp14
lp2
lp3
lp7
lp9

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram