Tá rabhadh tugtha i dtuarascáil nua faoi dhiaibéiteas, faoin mbaol a bhaineann le slisíní bagúin agus ispíní (rashers and sausages) ar ár bplátaí bricfeasta.
D’fhéadfadh na nítrítí i slisíní bagúin agus ispíní an baol a bhaineann le diaibéiteas cineál 2 (type 2 diabetes) a ardú níos mó ná leath, de réir staidéar nua imníoch.
Deir na taighdeoirí go bhfuil nasc aimsithe acu idir nítrítí, a úsáidtear chun dath agus blas a chur leis na feolta leasaithe sin a bhíonn ag go leor daoine dá mbricfeasta, agus baol méadaithe diaibéiteas cineál 2.
Fuair an fhoireann rochtain ar shonraí a bailíodh ó bhreis agus 100,000 duine sa Fhrainc a rianaíodh ó 2009 i leith.
Chláraigh na rannpháirtithe go deonach agus thuairiscigh siad a stair leighis, an bia a d’ith siad, a stíl mhaireachtála agus nuashonruithe sláinte. Leanadh iad ansin ar feadh timpeall seacht mbliana.
Tugann anailís le fios go raibh riosca méadaithe 27% maidir le diaibéiteas cineál 2 a fhorbairt, acu siúd a raibh an méid nítrít is airde acu.
Fuair na heolaithe amach freisin go raibh riosca 53% níos airde de dhiaibéiteas cineál 2 ag daoine leis an méid nítrít sóidiam is airde, sin an breiseán (additive) is tábhachtaí atá freagrach as dath agus blas feola leigheasta.
Dúirt an t-údar a bhí i gceannas ar an staidéar, an Dr Bernard Srour, ó Ollscoil Sorbonne Paris Nord: ‘Cuireann na torthaí seo píosa fianaise nua ar fáil i gcomhthéacs an phlé atá ann faoi láthair, maidir leis an ngá atá le laghdú ar úsáid breiseán nítríte i bpróiseáil feola a dhéanann an tionscal bia.
‘Idir an dá linn, tá roinnt údarás sláinte poiblí ar fud an domhain ag moladh do shaoránaigh cheana féin teorainn a chur leis an méid bia a itheann siad ina bhfuil breiseáin chonspóideacha, lena n-áirítear nítrít sóidiam.’
Ba é meánmhéid na nítrítí a d’ith daoine ó bhreiseáin bia sa staidéar ná 0.51mg in aghaidh an lae. Ar an meán, bhí 0.62mg in aghaidh an lae ag an ngrúpa a d’ith an líon ba mhó nítrít.
Tá thart ar 0.25mg nítrít ag slisín bagúin amháin, de réir taighde roimhe seo. Is é sin leath an mheánmhéid a d’ith daoine a bhí páirteach sa staidéar i lá iomlán.
In Éirinn, tá diaibéiteas cineál 2 ag 10% de dhaoine os cionn 50 bliain d’aois, agus 16% díobh siúd atá 80 bliain d’aois agus níos sine.
Léirigh staidéir roimhe seo go bhfuil baint ag ithe go leor feola dearg agus próiseáilte le riosca níos mó de diaibéiteas cineál 2.
Mar sin féin, d’ardaigh saineolaithe eile imní faoi na torthaí agus conas a rinneadh measúnú ar bhreiseáin bia ídithe.
Thug siad rabhadh freisin nach gcuireann nítrítí ó bhreiseáin bia ach 4% go 6% den mhéid iomlán nítrít a itear, agus an chuid eile ag teacht ó fhoinsí eile.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.