Nollaig ag teacht: Ach bhí Aerfort Bhaile Átha Cliath ‘ina cíor thuathail’ ar feadh seachtaine

19/12/2022

Agus slua na Nollag ag teacht isteach,  bhí Aerfort Bhaile Átha Cliath ‘ina cíor thuathail’ ar feadh seachtaine, de réir paisinéirí agus baill foirne.

Deir siad gur chur an aimsir fhuar isteach go forleathan ar rudaí.

De réir mar a thit an teocht faoi bhun an reophointe, deirtear nach raibh ach tancaer dí-oighrithe (de-icing tanker) amháin – rud atá ríthábhachtach do eitiltí ag éirigh in airde – ag feidhmiú ag príomh-aerfort na tíre.

Agus rinne paisinéirí gearáin freisin go riabh moill á chur ar eitiltí a thagann isteach san aerfort mar gheall ar easpa foirne chun oibriú ar an droichid aeir (air bridges).

Cuireadh suas le 50 eitilt in aghaidh an lae ar ceal ag an aerfort an tseachtain seo, agus cuireadh moill ar an iliomad eile, cuid acu ar feadh níos mó ná 12 uair an chloig.

Dublin Airport 2 1168x681 1
Aerfort Bhaile Átha Cliath

Tá gearán déanta ag paisinéirí arbh éigean dóibh fanacht ar eitiltí san oíche freisin, faoi easpa roghanna bia ag an aerfort. Dúirt siad go raibh na hionaid bia a dhúnadh ag 7pm, in ainneoin go bhfuil go leor eitiltí sceidealta le éirigh in airde tar éis an ama sin.

Bhí Anne O’Reilly as Fionnradharc (Fairview) i mBaile Átha Cliath ar eitilt Aer Lingus lán le paisinéirí, a tháinig ó Pháras oíche Dé Luain seo caite, agus fágadh ina suí ar an tarmac í ar feadh beagnach uair an chloig agus eitiltí eile chun tosaigh uirthi, dúirt sí.

Dúirt sí leis an Irish Mail on Sunday: ‘Bhí muid ag breathnú amach an fhuinneog agus chonacthas dúinn nach raibh ach criú amháin ag breathnú ar na droichid aeir, agus mar sin bhí siad ag obair ar dhá eitilt a bhí os ár gcomhair. Bhí sé dochreidte.

‘Ar an mbealach amach an Aoine roimhe sin, cuireadh moill trí huaire orainn, gan aon fhógraí, gan bia le fáil. Ní raibh Aerfort Bhaile Átha Cliath in ann scáileán a chur ar fáil fiú, le go bhféadfadh daoine féachaint ar Chorn an Domhain.’

Dúirt ball foirne, a labhair leis an Irish Mail on Sunday, go raibh an t-aerfort ‘ina cíor thuathail’ an tseachtain seo agus go raibh sé mar gheall ar an aimsir fhuar go príomha.

Dublin Airport 1 1168x681 1
Aerfort Bhaile Átha Cliath

‘Tá an geimhreadh ann, éiríonn sé fuar. Cén fáth go bhfuil an chuma air nach bhfuil aon duine anseo ullamh dó seo?’ a d’fhiafraigh an ball foirne.

‘Ní féidir liom a shamhlú cad a tharlóidh má leanann an aimsir fhuar ar aghaidh agus líon na bpaisinéirí ag méadú i rith seachtain na Nollag?’

Mar fhreagra ar cheisteanna ón Irish Mail on Sunday, dúirt urlabhraí d’Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath – atá i gceannas ar oibriú Aerfort Bhaile Átha Cliath – go bhfuil ‘pleanáil agus ullmhúchán suntasach do thréimhse na Nollag déanta ag Aerfort Bhaile Átha Cliath cheana féin, agus nach raibh aon mhoill shuntasach ar shlándáil le linn sé mhí anuas’.

Dúirt an t-urlabhraí: ‘Go deimhin, le linn an chéad 12 lá de mhí na Nollag, próiseáladh 98% de phaisinéirí trí scagadh slándála (security screening) i 30 nóiméad nó níos lú.

‘Beidh 645 oifigeach slándála san iomlán ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ag obair i mí na Nollag, go ginearálta; cosúil le leibhéil foirne le linn na tréimhse céanna in 2019.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram