Agus é ina Aire Gnóthaí Eachtracha anois, tugann Micheál Martin ionsaí ar ‘extremism’

19/12/2022

Ina óráid dheireanach mar Thaoiseach, d’ullmhaigh an tUasal Martin é féin dá ról nua mar Aire Gnóthaí Eachtracha.

Agus é ag éirí as mar Thaoiseach, thug an tUasal Martin ionsaí géar ar antoisceachas (extremism) ar fud na hEorpa.

Ina óráid don Dáil, agus é ag éirí as mar Thaoiseach, thug Micheál Martin ionsaí géar ar antoisceachas (extremism) ar fud na hEorpa.

Bhí sé ag labhairt in óráid a thug sé sular vótáil an Dáil ar son Leo Varadkar mar Thaoiseach ina ionad.
Vótáil 87 Teachta Dála i bhfabhar agus 62 in aghaidh a ainmniúcháin.

Dúirt an tUasal Martin: ‘Ní sheasfaidh Éire ar an taobhlíne de réir mar a dhéanann pobalachas  millteach (destructive populism) an eite dheis agus am eite chlé iarracht damáiste a dhéanamh d’Aontas a bhí lárnach san dul chun cinn sin le leathchéad bliain anuas.

micheal two 1168x681 1
Micheal Martin Leis an Uachtarán Michael D Higgins

‘Is léiriú é ról na hEorpa maidir le cabhrú lena saoránaigh tríd an bpaindéim, agus a bheith mar cheannaire ar fud an domhain maidir le vacsaíní a chomhroinnt ar an gcaoi a bhfanann ár nAontas láidir agus leanfaidh sé ar aghaidh ag tabhairt aghaidh orthu siúd atá ag iarraidh filleadh ar laethanta na hiomaíochta millteach (destructive competition) idir stáit’, a dúirt sé.

Cháin sé freisin ton géar na díospóireachta poiblí, ag rá: ‘Ar an drochuair tá cónaí orainn i ndomhan atá ag éirí níos polaraithe. Tá a fhios ag gach duine a ghlacann páirt sa saol poiblí faoin tionchar a bhíonn ag an díocas breithiúnas a thabhairt ar dhaoine eile, agus chomh géire a dhéantar tráchtanna.’

Mhol sé freisin ról na hearnála poiblí maidir le fadhb an choróinvíris a réiteach agus dúirt: ‘Ní mór dúinn am a chaitheamh le haitheantas a thabhairt do mheon macánta agus tiomantas na mílte sa tseirbhís phoiblí a oibríonn ar son mhuintir na hÉireann.’

Ghabh an tUasal Martin buíochas freisin don ‘Teachta Leo Varadkar agus an Teachta Eamon Ryan as an mbealach dlúth agus an-chuiditheach inar oibrigh siad chun comhar a chinntiú sa rialtas’.

Chuir sé teachtaireacht ar na meáin shóisialta freisin inar dúirt sé gurbh é ‘onóir a shaoil’ dó a bheith mar Thaoiseach.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram